| Bealthadh taobh amuigh de ghob (flattery). |
| Chan grá corpáin ach
grá alpáin (marrying money). |
| Más deas duit do chóta
is deise duit do léine (blood is thicker
than water). |
| Ag luí orm achan áit
ach gan ag breith orm áit ar bith (good fitting
shoes). |
| Is trom cearc I bhfad. Is doiligh
brístí a bhaint de thóin tharnocht.
Thug sén diabhal le hithe dó (scolding). |
| An rud a théann un fad téann
sé un fuaire. Is fiúntaighe paiste
nó poll. |
| Comhairle an duine doscaidh agus é
fháil in ascaidh. Tuar fola go fíor
fearthainn agus síor ghaoth. An rud a tcí
leanbh gní leanbh. |
| Is doiligh oíche fhomhair a
challantracht. Tig titim cearlamáin ar oíche
fhomhair. Ní thuigeann an sathach don seang
agus má thuigeann chan in am. |
| An té a bhíos amuigh
fuarann a chuid. Is fearr súil le cuan no
súil le cill. An té nach bhfuil bolacht
ar cnoc aige bíonn suaimhneas ar sop aige.
Is fearr buaile tharbh nó buaile fholamh.
Ag dréim le cúiteamh a mhilleas a
cearrbhach. |
| Is furast fuiiliu ar cheann charrach.
Dheanfaidh mé spanog nó millfidh mé
adharc. Is leor an diabhal nuair a thiocfaidh sé.
Is deise cabhair Dé nó maide an dorais.
Tá Dia maith agus tá máthair
mhaith aige. Is fearr fiastalach na Lúnasa
ná feoirthín na féil Micheáil. |
| Nuair atá sé ag cur
agus an ghrian ag soillsiú tá'n diabhal
ag greadú a mháthara. Is namhaid ceird
gan a foghlaim. Níl coillidh ar bith nach
bhfuil a doghadh fein brosna innti. Is doiligh dóigh
a chur ar an-dó. Níl gar sa tseanchasc
ach is measa an raisteachas. |